Loading ...
Sorry, an error occurred while loading the content.

Mion-bhus ag Comóradh Kit Conway, Cogadh Cathartha n a Spáinne

Expand Messages
  • Cris Ní Choisdealbha
    Beidh Mion-Bhus an Ionaid at taisteal go go Tiobraid Árann do Nochtadh Leacht Kit Conway, laoch Chogadh Cathartha na Spáinne, agus ag filleadh an lá
    Message 1 of 1 , May 31, 2005
    • 0 Attachment
      Beidh Mion-Bhus an Ionaid at taisteal go go Tiobraid Árann do Nochtadh Leacht Kit Conway, laoch Chogadh Cathartha na Spáinne, agus ag filleadh an lá céanna.

      Beidh muid ag teacht le chéile ag 11 a.m. ar an Satharn 11 Meitheamh ag Siopa Connolly Books. Chun d'áit a chur in áirithe glaoigh ar 087-6662903

      Beidh Leacht á nochtadh ar 11 Meitheamh 2005 do
      Kit Conway
      Rugadh ag An Chúirt Dóite, 1897
      Colún Reatha, 3ú Briogáid Thiobraid Árann
      Cogadh na Saoirese
      Ceannasaí buíne, 15ú Briogáid Idirnáisiúnta
      Cogadh Frith-fhaisisteach na Spáinne
      Thit sa ghleo
      Cath Jarama
      12 Feabhra 1937

      I gcuimhne air agus i gcuimhne na hóglaigh ar
      fad ón Chúirt Dóite a throid ar son na saoirse

      Ar son Saoirse na hÉireann agus na Spáinne
      Por la causa de la Libertad de Irlanda & de Espana

      Nochtfaidh an Comhairleoir Mattie McGrath, Cathaoirleach
      Co. Cho. Thiobraid Árann Theas an leacht, beidh a
      chomrádaithe Bob Doyle agus Micheál Ó Riordáin
      i láthair ar an 11 Meitheamh, 2005

      Beidh fáilte roimh chách.
      Nochtfar an leacht ar 3.30 p.m. ar an Satharn 11.6. Ag tosú ag Kilcoran Lodge, thar Cathair, ar Phríomh-bhóthar BÁC-Chorcaigh, an N8. Tá an Chúirt Dhubh 3 mhíle níos faide ó dheas, ag fágáil an N8, ag fógra do Phluaiseanna Bhaile Mhistéala (an fógra is gaire do Kilcoran Lodge).
    Your message has been successfully submitted and would be delivered to recipients shortly.