Loading ...
Sorry, an error occurred while loading the content.

SUSI - Gan Gaeilge - foirmeacha do Dheontas Macléin n

Expand Messages
  • Ionad Buailisteach
    A Chairde, Bhí SUSI luaite ar Nuacht RTÉ inné mar go bhfuil daoine fós ag fanacht le deontais macléinn ó 2012. Níor luadh nár bhféidir le haoinne
    Message 1 of 1 , Jul 17 7:34 AM
    • 0 Attachment
      A Chairde,
      Bhí SUSI luaite ar Nuacht RTÉ inné mar go bhfuil daoine fós ag fanacht
      le deontais macléinn ó 2012. Níor luadh nár bhféidir le haoinne
      iarratas a dhéanamh as Gaeilge anuraidh mar nach raibh aon Ghaeilge ar
      an suíomh idirlín.

      Is féidir iarratas Ghaeilge a dhéanamh ar an suíomh anois, ach faraor
      go scríobhann SUSI thar n-ais i mBéarla amháin agus seolann foirmeacha
      Béarla le líonadh isteach, mar nach bhfuil Foirmeacha Gaeilge ar fáil
      (tá ar iarrthóirí cuntais bainc, teastais breithe srl. a sheoladh le
      na foirmeacha Béarla sin). An bhfuil iachall ar lucht na Gaeile na
      foirmeacha Béarla sin a líonadh ?

      An bhfuil aoinne sásta scríobh chuig an Aire Ruairí Quinn faoin
      bhfailli seo ? Is air siúd atá an freagracht go léir do SUSI.
    Your message has been successfully submitted and would be delivered to recipients shortly.