Loading ...
Sorry, an error occurred while loading the content.
 

Preasráiteas: Seoladh leabhair 'Fill Arís: Oidhrea cht Sheáin Uí Ríordáin'

Expand Messages
  • Bridget Bhreathnach
    Seolfaidh an tOllamh Máirín Nic Eoin an leabhar *Fill Arís: Oidhreacht Sheáin Uí Ríordáin* ag ócaid sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ar an
    Message 1 of 1 , May 9, 2013
      Seolfaidh an tOllamh Máirín Nic Eoin an leabhar Fill Arís: Oidhreacht Sheáin Uí Ríordáin ag ócaid sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ar an Aoine, an 17 Bealtaine ar a 5pm. I seomra caidrimh na foirne (B104) in Áras Newman a bheidh an ócáid ar bun. Beidh an seoladh ar bun ag deireadh Chomhdháil Lae dar teideal 'Mo Ghnósa Leas an Dáin' atá eagraithe in ómós do Mháirtín Ó Direáin ag an Dr. Caoimhín Mac Giolla Léith agus an Dr. Meidhbhín Ní Úrdail faoi choimirce Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta de chuid an Choláiste Ollscoile.

      Sraigh léachtaí atá san imleabhar seo atá curtha in eagar ag an Dr. Liam Mac Amhlaigh agus an Dr. Caoimhín Mac Giolla Léith. Bailíodh na léachtaí le chéile ó chomhdháil a reáchtáladh faoi choimirce fhoireann na Nua-Ghaeilge i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, le comóradh a dhéanamh ar Sheán Ó Ríordáin tríocha bliain i ndiaidh a bháis. Déantar anailís uileghabhálach ar shaothar sárfhile de chuid na haoise seo caite in aistí téagartha ó rogha fhairsing scríbhneoirí.

      EOLAS TEAGMHÁLA:

      Eagarthóirí:

      Dr. Liam Mac Amhlaigh
      Léachtóir le teanga is litríocht na Gaeilge
      Coláiste Froebel
      Guthán: 01 2112027
      R-phost: liam.macamhlaigh@...

      Dr. Caoimhín Mac Giolla Léith
      Léachtóir i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
      Guthán: 01 7168329
      R-phost: caoimhin.macgiollaleith@...
    Your message has been successfully submitted and would be delivered to recipients shortly.