Loading ...
Sorry, an error occurred while loading the content.

Gradaim shuntasacha bainte amach ag Cumann G aelach Choláiste na Tríonóide- Prestigiou s awards scooped by Trinity College’s Cuman n Gaelach

Expand Messages
  • Aonghus Dwane
    Gradaim shuntasacha bainte amach ag Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide Don dara bhliain as a chéile, tá príomh-ghradam bainte amach ag Cumann Gaelach
    Message 1 of 1 , Apr 22, 2013
    • 0 Attachment

       

      Gradaim shuntasacha bainte amach ag Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide

       

      Don dara bhliain as a chéile, tá  príomh-ghradam bainte amach ag Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide i gcomórtas náisiúnta uile-oileánda Ghlór na nGael mar an cumann mac léinn is fearr sa tír. Tá luach €2,000 ar an duais seo, atá urraithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Fógraíodh torthaí an chomórtais seo oíche Shathairn seo chaite. Tháinig sé seo ar na sála ar ghradam eile- chuala An Cumann Gaelach gur bhain sé amach an gradam do Feachtas Teanga na Bliana ag gradaim mac léinn Aontas na Mac Léinn in Éirinn an tseachtain seo chaite. Bronnadh an gradam seo i leith fhéile Ghaeilge an Choláiste, Éigse na Tríonóide.

       

      Dúirt Andrew King, Reachtaire an Chumainn i 2012-2013: “Tá sé go hiontach go bhfuil an t-aitheantas tugtha dúinn anois, i ndiaidh na sár-oibre atá déanta againn i mbliana. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na baill agus leis an gcoiste go léir.”

       

      Dúirt Aonghus Dwane, Oifigeach Gaeilge an Choláiste:

      “is léiriú iad na gradaim seo ar an bpaisean, fuinneamh agus dúthracht i leith na teanga atá le feiceáil i measc bhaill uile an Chumainn Ghaelaigh- rud a léirítear bliain i ndiaidh bliana. 

      Tarraingíonn na gradaim seo dea-cháil ar an gColáiste agus tréaslaím leis an Reachtaire agus leis an gCoiste. Bhí bliain iontach ag an Ghaeilge sa choláiste i mbliana agus tá súil again go leanfaidh cúrsaí ag dul ó neart go neart amach anseo!”

       

      Déanfar ceiliúradh ar na gradaim seo ag An Chéadaoin @ An Bhutrach maidin Chéadaoin 24 Aibreán, le ceol, caife agus comhrá i mbialann TCD: 10.30rn-11.30rn. Beidh fáilte is fiche roimh chách bheith inár dteannta.

       

      Tuilleadh eolais:

      reachtaire@...

      gaeloifig@...

      www.cumann.ie   www.tcd.ie/gaeloifig

       

      Tá an Cumann Gaelach ar ceann de na cumainn mac léinn is mó i gColáiste na Tríonóide. Bunaíodh an cumann sa bhliain 1908 agus bhí neart pearsanra stairiúla bainteach leis tríd na blianta.

      Eagraíonn an Cumann neart imeachtaí sóisialta agus cultúrtha i rith na bliana, ar nós díospóireachtaí, léachtaí/cainteanna poiblí, seisiúin ceoil/ amhránaíochta, ranganna damhsa agus eile. Tugann an Cumann turas ar Oireachtas na Gaeilge gach bliain. Eagraíonn an Cumann ciorcal comhrá gach oíche Mháirt i rith an téarma i Seomra na Gaeilge, agus glacann na baill pairt in oíche na mac léinn i gClub Chonradh na Gaeilge ar Shraid Fhearchair an oíche chéanna. Buaicphointe na bliana is ea Éigse na Tríonóide, mór-fhéile bhliantúil theanga agus chultúrtha, a reáchtaltar i gcomhar le hOifig na Gaeilge.

       

       

       

       

       

       

      Oifig na Gaeilge,
      An Téatar Thiar, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath 2.

        Description: TCDCrestfullcolour.JPG   Description: Bl na G  

       

      T: +353 1 896 3652        
      gaeloifig@...

      www.tcd.ie/gaeloifig

       

      Description: twitter-button.pngDescription: facebook-button.jpg    

       

    Your message has been successfully submitted and would be delivered to recipients shortly.