Loading ...
Sorry, an error occurred while loading the content.

Ar aghaidh: Figiúirí Féachana TG4

Expand Messages
  • Ionad Buailisteach
    Lá ‘le Pádraig 2013 go maith d’fhigiúirí féachana TG4 Mheall beochlúdach TG4 ar na cluichí ceannais sa gCraobh Club agus cláracha eile tráthnóna
    Message 1 of 1 , Mar 20, 2013
    • 0 Attachment
      Lá ‘le Pádraig 2013 go maith d’fhigiúirí féachana TG4
      Mheall beochlúdach TG4 ar na cluichí ceannais sa gCraobh Club agus
      cláracha eile tráthnóna Lá ‘le Pádraig (Domhnach 17 Márta) lucht
      féachana an-ard don chainéal.

      Tuairiscíonn Nielsen, an miosúr oifigiúil ar fhéachaint teilifíse in
      Éirinn, gur fhéach 630,000 duine ar fad ar an dá chluiche as Páirc
      an Chrócaigh ar an Domhnach, lá stairiúil do chúige Chonnacht agus an
      chraobh peile ag dul go Naomh Bríd i Ros Comáin agus an corn iomána ag
      dul siar go Gaillimh le Naomh Tomás.

      Bhí duine as gach ceathrar a bhí ag féachaint ar an teilifís in Éirinn
      san iarnóin ar an Domhnach ag breathnú ar TG4 (24%).

      Ní san iarnóin amháin a mheall clársceideal an Domhnaigh lucht
      féachana mar gur fhéach 940,000 duine ar fad ar chuid éigin d’aschur
      an chainéil i rith an lae.

      Ar na cláracha eile a mheall an lucht féachana ar an Domhnach, bhí
      stair an Shaskeen, ceann de na bannaí ceoil is aitheanta san iarthar
      le daichead bliain anuas agus Lón sa Spéir, an duais-iarracht
      fhaisnéise a ríomhann stair agus seanchais an ghrianghraf is cáiliúla
      sa domhan b’fhéidir – aonar déag fear ag ithe greim ar ghiarsa sa
      Rockefeller Centre i Nua Eabhrac i 1932 agus cuid acu de bhunadh
      dheisceart na Gaillimhe, de réir an chláir nua seo.

      Ní miste a mheabhrú gur tithe príobháideacha amháin atá san áireamh ag
      córas Nielsen agus nach bhfuil an lucht féachana i gclubanna, óstáin
      ná tithe tábhairne comhartha ann.

      Deir Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir gur deimhniú eile é an lucht
      féachana seo ar chumas an chainéil lucht féachana a mhealladh chuig a
      chlársceideal tarraingeach dúchasach.

      Críoch
      Breis eolais: Linda Ní Ghríofa linda.ni.ghriofa@...
    Your message has been successfully submitted and would be delivered to recipients shortly.