Loading ...
Sorry, an error occurred while loading the content.

Iaráic in anchás, Cuir síos sa Irish times!

Expand Messages
  • Eolas on Ionad Buail Isteach na Gaeilge
    Cuir síos san Irish Times faoi ócáid san Ionad an Satharn seo a imigh tharainn! Seán ...
    Message 1 of 1 , Jul 3, 2003
    • 0 Attachment
      Cuir síos san Irish Times faoi ócáid san Ionad an Satharn seo a imigh
      tharainn!

      Seán
      ----------------------------------------------------------------------------
      -----------

      http://www.ireland.com/newspaper/anteangabheo/2003/0702/1057097529619.html

      Iaráic in anchás

      Le beagnach bliain anois tá glór an amhránaí sean-nóis, Treasa Ní
      Cheannabháin, le cluinstin go rialta ar an chlár maidine, Cúrsaí an Lae, ar
      Raidió na Gaeltachta, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

      Ach ní ag caint faoin amhránaíocht a bhíonn sí ach faoi chás Arabaigh na
      Palaistíne agus na hIaráice. Dé Sathairn seo caite san Ionad Buail Isteach,
      Sráid Essex, Baile Átha Cliath, thug sí caint suimiúil spreagúil faoi chás
      na hIaráice, í bunaithe ar thuairiscí nuachta na gcainéal Arabach teilifíse,
      Al Jazeera agus Al Menar.

      Tá sí pósta ar Éigipteach agus iad ina gcónaí i gcathair na Gaillimhe. Cé go
      mbíodh a fear céile ag caint go minic faoin leatrom a bhí agus atá á
      dhéanamh ag an Iosrael ar mhuintir na Palaistíne níor thuig sí féin i gceart
      méid a bhfulangtha go dtí gur cheannaigh sé mias saitilíte a chuir ar a
      gcumas cláracha na stáisiún teilifíse Arabach a fheiceáil.

      Chuaigh a bhfaca sí faoin leatrom a bhí á dhéanamh ar na Palaistínigh go
      smior inti, go mórmhór an t-ionsaí a rinne saighdiúirí Iosraelacha i 2002 ar
      an séipéal i mBeithil, a raibh grúpa Palaistíneach ar tearmann ann.

      Spreagadh chun gnímh í agus bhunaigh sí féin agus daoine eile Cumann
      Dlúthpháirtíocht Éireann agus na Palaistíne. Ba é an chéad imeacht a
      reáchtáil siad agóid in éadan an taispeántas eitleán cogaidh a cuireadh ar
      siúl os cionn Chuan na Gaillimhe mí Iúil seo caite mar chuid d'Fhéile
      Ealaíon na Gaillimhe: "Is iad na heitleáin chogaidh chéanna sin atá ag
      buamáil muintir na Palaistíne agus na hIaráice."

      Is faoi chúrsaí na Palaistíne a thosaigh sí ag caint ar RnaG an samhradh seo
      caite ach nuair a thosaigh an cogadh san Iaráic tugadh cuireadh di tuairisc
      rialta a thabhairt ar a raibh le feiceáil ar na cainéil Arabacha faoi. Ba
      mhór an difear idir na pictiúir a bhí ar na cainéil seo agus na pictiúir a
      bhí á gcraoladh ag CNN, an BBC nó fiú RTÉ.

      Thaispeáin sí roinnt fístéipeanna dá lucht éisteachta Dé Sathairn chun sin a
      léiriú. Chonacthas pictiúir den mharú uafásach a rinne na cnuasbhuamaí le
      linn agus i ndiaidh an chogaidh, de dhochtúirí in ospidéil ag iarraidh cóir
      leighis a chur ar othair agus gan uirlisí cearta acu, den scrios a rinneadh
      ar thithe na ngnáthdhaoine.

      Mar fhotheideal in Araibis agus i mBéarla faoi phictiúr de leanbh nó ghasúr
      nó bhean a maraíodh bhí ráiteas a rinne ceannfort de chuid arm na Stát
      Aontaithe faoi chruinneas na n-arm a bhí in úsáid ag na comhghuaillithe.

      Anois atá an cogadh ag tosú i gceart, a dúirt sí. Tá na hIarácaigh chomh
      feargach sin le saighdiúirí Meiriceánacha as a bheith ag briseadh isteach
      ina dtithe agus iad in ainm is a bheith ag cuardach lucht leanúna Saddam
      Hussein.

      Dá dhonacht agus a bhí rudaí roimh an chogadh nuair a bhí na smachtbhannaí i
      bhfeidhm is measa anois iad, a dúirt sí.

      Roimh an chogadh bhí 40 faoin gcéad den uisce san Iaráic inólta. Anois níl
      uisce ar bith inólta agus tá séarachas ar fud na sráideanna agus seo i
      gceann de na tíortha is saibhre ar domhan. Chonaic sí pictiúir le déanaí ar
      Al Jazeera de líne fada tanceir mhóra ola agus iad ar a mbealach go Cuáit.
      Fiú na Moslamaigh Shia a bhí faoi chosc le linn réimeas Saddam tá siad ag
      cur in éadan na Meiriceánach.

      I gCatar atá an stáisiún Al Jazeera lonnaithe, áit a bhfuil bunáiteanna ag
      na Stáit Aontaithe. Ba é tuairim an chainteora go raibh cinsireacht á
      déanamh air le mí nó mar sin anuas.

      Sa Liobáin atá Al Menar lonnaithe. Chuir an dá stáisiún seo brú ar na
      stáisiúin teilifíse tuairisc níos cothroime a thabhairt ar an chogadh ná mar
      a bhí á dhéanamh acu ag an tús.


      --
      This message has been scanned for viruses by
      the DIT Computer Centre MailScanner Service,
      and is believed to be clean.
    Your message has been successfully submitted and would be delivered to recipients shortly.