Loading ...
Sorry, an error occurred while loading the content.
 

Ar aghaidh: Físín Fhéile Scannán an Dainginl 2011

Expand Messages
  • Cris Ní Choisdealbha
    Tá Féile Scannán an Daingin ag tairiscint duais airgid €5,000 don Togra Gearrscannán as Gaeilge is fearr. Tá áthas ar Fhéile Scannán an Daingin
    Message 1 of 1 , Dec 1, 2010
      
         

      Tá Féile Scannán an Daingin ag tairiscint duais airgid €5,000 don Togra Gearrscannán as Gaeilge is fearr.

       

      Tá áthas ar Fhéile Scannán an Daingin 'Físín' a fhógairt, a fháiltíonn roimh scannánóirí togra gearrscannán as Gaeilge a sheoladh isteach. Tá duaischiste €5,000 sa chomórtas maraon le luach €1,000 de threallamh soilsiúcháin ar chíos, urraithe ag Teach Solais, cuideachta Cian de Buitléar.

       

       

      Tá an comórtas dírithe orthu siúd a thugann le chéile a spéis speisialta i scannáin agus a ndíogras don Ghaeilge. Is mian leis an bhféile tograí a fheiceáil ó na canúintí áitiúla go léir. Tá an comórtas oscailte do dhaoine aonair nó grúpaí, do mhic léinn na hIdirbhliana agus ar aghaidh suas go dtí scannánóirí gairmiúla. Tá foirm iarratais ar fáil le híoslódáil ar www.dinglefilmfestival.com nó is féidir rphost a sheoladh go fisin@.... Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ná 31ú Eanáir, 2011.

       

      Bronnfar duais airgid €3,000 agus luach €1,000 de threallamh soilsiúcháin ar chíos, ar an gcur i láthair rathúil ag an bhféile agus filfidh siad ar an nDaingean lena scannán críochnaithe i 2012. . Bronnfar duais airgid de €500 ar cheithre cur i láthair agus bronnfar leabhar nótaí leathair chuimhneacháin ar an gcúigear scannánóir agus iad deartha ag Conor Holden.

       

      Beidh an 5ú eagrán d'Fhéile Scannán an Daingin againn, mar a bhíonn an The Gregory Peck Award agus i measc na n-aoínna go dtí seo, áirítear Gabriel Byrne, Cillian Murphy, Jim Sheridan, Sir Alan Parker, Saoirse Ronan & Sarah Miles, agus seolfar í ar Lá Fhéile Pádraig 17ú Márta agus leanfaidh sí ar aghaidh go dtí an 20ú Márta 2011.

       

      Chun breis eolais d'fháil déan teagmháil le Stiúrthóir na Féile, Maurice Galway: 

      ar 00 353 (0) 87 9139962 nó ar rphost ag maurice@....

    Your message has been successfully submitted and would be delivered to recipients shortly.