Loading ...
Sorry, an error occurred while loading the content.
 

An Sult deireanach roimh an Nollaig

Expand Messages
  • Seán Mac Suibhne
    An Sult deireanach roimh an Nollaig (An Castle Inn, Teampall Chríost) Beidh Sult ar siúl arís an Déardaoin seo, 5 Nollaig. Beidh na himeachtaí ag dul ar
    Message 1 of 1 , Dec 2, 2002

      An tIonad Buail Isteach
       
       
      An Sult deireanach roimh an Nollaig
      (An Castle Inn, Teampall Chríost)

      Beidh Sult ar siúl arís an Déardaoin seo, 5 Nollaig. Beidh na himeachtaí ag dul ar aghaidh mar is gnách thuas staighre sa Castle Inn, in aice le Jury's Christchurch Inn. Osclóidh na doirse ar 9.00 p.m. agus tosóidh an ceol ar 9.30 p.m.
      Nóta: beidh slua mór i láthair ag ócáid na seachtaine seo, mar sin moltar duit a bheith i láthair faoi 10.00 p.m.

      Cuirfidh an grúpa tí tús le siamsaíocht na hoíche ar 9.30 p.m. agus beidh an chéad aoi speisialta, Alasandair Codona as Albain, le cloisteáil go luath tar éis 10.00 p.m. Is amhránaí agus giotáraí é Alasandair a chanann i nGàidhlig. Díreach ina dhiaidh sin, beidh amhránaíocht den scoth le cloisteáil chomh maith ó chúigear ban a chanann le chéile agus a thugann Acabella (
      www.acabella.com) mar ainm orthu féin. Canann siad i nGaeilge agus i mBéarla agus tá meascán de stíleanna éagsúla acu: popcheol, snagcheol, goirmeachaí, agus ceol traidisiúnta.

      Tar éis 11.00 p.m., beidh ceol agus damhsa flamenco againn ó Flamenco y Mas (
      www.geocities.com/flamencoymas).

      Cead isteach: €5.

      Eolas breise: (086) 407-3284 nó (086) 401-5318;
      post@...; www.clubsult.com
    Your message has been successfully submitted and would be delivered to recipients shortly.