Loading ...
Sorry, an error occurred while loading the content.

An Béal Binn Aoí Speisíalta 4/ 12/08 - Ciarán Ó Con Cheanainn

Expand Messages
  • An Béal Binn
    Aoí Speisíalta 4/12/08 - Ciarán Ó Con Cheanainn, Buaiteoir Chorn Uí Riada 2008 Ba mhaith linn comhghairdeachas ó chroí a ghabháil le Ciarán Ó Con
    Message 1 of 1 , Nov 30, 2008
    • 0 Attachment
      Aoí Speisíalta 4/12/08 - Ciarán Ó Con Cheanainn, Buaiteoir Chorn Uí Riada 2008

      Ba mhaith linn comhghairdeachas ó chroí a ghabháil le Ciarán Ó Con
      Cheanainn as an mbua suaithinseach a bhain sé amach i gCorcaigh le
      déanaí nuair a rug sé leis an phríomhdhuais i gComórtas Chorn Uí
      Riada, buaicphointe an Oireachtais féin.

      Is iontach go deo an spéis atá ag Ciarán sna hamhráin agus i scéal
      agus i mbéaloideas na n-amhrán féin. Is iontach freisin ar ndóigh, an
      t-aitheantas ag an léibhéal is airde comórtas tugtha don bhfonnadóir
      óg seo a bhéas mar aoí speisíalta again an tseachtain seo i mBré.

      Beidh céardlann ar siúl idir 8-9 agus ina dhiaidh, beidh Club An Bhéil
      Binn le neart ceoil agus amhráin. Líonfaimid Corn Uí Ríada in onór na
      hócáide agus is cinnte go mbeidh oíche iontach taitneamach againn.

      Bí linn san Ionad Seoltóireachta, An Chéibh (Trasna ón Harbour Bar)
      Ceardlann sean-nós le Ciarán Ó Con Cheanainn 8- 9 i.n.
      Scléip an chlub 9.00- 11:30 i.n.



      --
      Tuilleadh eolais le fáil ach glaoch ar
      085 7823411 nó ar www.anbealbinn.com
      ---------------------------------------------------------

      Bigí linn, ag Club an Bhéil Binn ,
      chuile Déardaoin san
      Ionad Seoltóireachta,
      An Chéibh, Trasna ón Harbour Bar, Bré.
      Ceardlann sean-nós 8- 9 i.n. Scléip an chlub 9.00- 11:30 i.n.
      Amhranaíocht, fillíocht, luibiní, dramaíochta, scealaíocht srl.

      An Béal Binn, ag cur na n-Ealaíon Béil chun tosaigh i mBré.

      Colm Ó Foghlú
      Feidhmeannach Ealaíne
      An Béal Binn,
      An Béal Binn Teo.,
      f/c Pádraig Ó Fearaíl, Sliabh Chualann. Br. Chill tSarainn, Bré, Co.
      Chill Mhantáin

      Muna dteastaíonn uait na teachtaireachtaí seo a fháil a thuilleadh
      cuir teachtaireacht ar ais chugainn leis an fhógra "Bain mé den
      liosta" sa teideal le do thoil
    Your message has been successfully submitted and would be delivered to recipients shortly.