Loading ...
Sorry, an error occurred while loading the content.
 

Ciorcal Díospóireachta Átha Clia th, 2 Meán Fómhair 2008

Expand Messages
  • Michal Boleslav Mechura
    A chairde, Seo chugaibh cuireadh chuig an chéad seisiún eile de Chiorcal Díospóireachta Átha Cliath a bheidh ar siúl anocht, Dé Máirt, 2 Meán Fómhair
    Message 1 of 1 , Sep 2, 2008
      A chairde,

      Seo chugaibh cuireadh chuig an chéad seisiún eile de Chiorcal Díospóireachta
      Átha Cliath a bheidh ar siúl anocht, Dé Máirt, 2 Meán Fómhair 2008, ó 6:30
      PM ar aghaidh, i gCafé des Amis i bhfoirgneamh Alliance Française, Sráid
      Chill Dara.

      Beidh fáilte is fiche roimh aon duine ar suim leis nó léi cúrsaí reatha agus
      eile a phlé go neamhfhoirmeálta. Seo iad na hábhair atá molta agam don
      oíche. Ná déanaigí dearmad gur féidir ábhar ar bith eile a tharraingt
      isteach, freisin!

      1. An féidir le Londain cluichí oilimpeacha Bhéising a shárú?

      2. An fiú do dhaoine maireachtáil i New Orleans ar chor ar bith?

      3. Má thosaíonn Cogadh Fuar as an nua idir an Rúis agus an chuid eile den
      domhan, cé a bheidh thíos leis?

      4. An bhfuil tú sásta leis an dóigh a gcaitear airgead poiblí?

      5. Conas a d’éirigh leat ar do chéad lá ar scoil?

      6. An leathnaíonn an taisteal an intinn?

      Tá súil agam sibh a fheiceáil anocht!

      Michal

      --
      Michal Boleslav Měchura
      valselob@...
    Your message has been successfully submitted and would be delivered to recipients shortly.