Loading ...
Sorry, an error occurred while loading the content.

Clár Seachtain na Gaeilge BAC

Expand Messages
  • Seán Mac Suibhne
    Seachtain na GaeilgeTá clár S na G BAC le fáil ag: http://www.cnag.ie/snag/clarbac.htm Clár do Sheachtain na Gaeilge i mBÁC 2002 ... bun ... TEANGA BHEO
    Message 1 of 1 , Mar 4, 2002
    • 0 Attachment
      Seachtain na Gaeilge
      Tá clár S na G BAC le fáil ag: http://www.cnag.ie/snag/clarbac.htm
       
       
       



      Clár do Sheachtain na Gaeilge
      i mBÁC 2002



      bun an leathanaigh
      bun
        

      TEANGA BHEO
      Live the language!


      Dé Sathairn 9ú Márta, 2002

      2.00in Ionad: Sráid Ghrafton
      Baile Átha Cliath 2
      Spraoi Sráide
      Spraoi agus spórt don uile dhuine leis an bhfear grinn 'Níl a fhios agam' agus a chairde. Beidh an-spórt ag p[AOF1] áistí anseo idir pháistí móra agus pháistí beaga!



      2.30in Ionad: Príosún Chill Mhaighneann
      Turas treoraithe timpeall Phríosún Chill Mhaighneann
      Scannán i nGaeilge san áireamh.

      Nóta: Tosaíonn an turas ar bhuille 3.00in, mar sin bí ann ag 2.45in ar a dhéanaí.
      Tuilleadh eolais: 01 475 7401/7402

      seachtain@...



      3.00in Ionad: Am Bia,
      Sráid Chill Dara, BÁC 2
      Ceol claisiceach
      An Ceathairéad Ceolmhar
      Urraithe ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge



      8.30in Ionad: Club Chonradh na Gaeilge
      6 Sráid Fhearchair, BÁC 2.
      Oíche Rásaíochta
      (Niall Ó Deagha, Ciste Cuimhneacháin)
      Fear a' Tí: Micheál Ó Muircheartaigh
      Seisiún Ceoil ina dhiaidh.



      Dé Domhnaigh 10ú Márta, 2002

      1.00in Turas Dúlra
      (Buaileadh le chéile ag carrchlós DART, Brí Chualainn ag 1.00in)
      Treoraithe: Éamon de Buitléar agus Éanna Ní Lamhna

      Deis iontach í seo do pháistí agus do dhaoine fásta buaileadh leis na hainmhithe, na héineachaí, na plandaí agus na feithidí atá timpeall orainn agus cabhróidh Éanna agus Éamon linn iad ar fad a aithint agus a ainmniú.
      Beidh fáilte speisialta roimh dhaoine óga, clanna nó rang bunscoile ach daoine fásta a bheith in éineacht leo.

      Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na socruithe praiticiúla is fearr glaoch roimh ré ar:
      (01) 475 7401/7402 nó seachtain@...
      9.00in Ionad: Club Chonradh na Gaeilge
      6 Sráid Fhearchair, BÁC 2.



      9.00in 'Súil Eile' - Léiriú Scannán
      Seo do sheans le scannáin a fheiceáil nach bhfaca tú le fada agus nuair atá do shúile sásta beidh féasta ceoil ann ina dhiaidh!

      'Mise Éire' (Gael Linn, 1960)
      Scríbhneoir: Seán Mac Réamoinn, Stiúrthóir: George Morrison, Ceol: Seán Ó Riada, Comhairleoir Staire: Tom[AOF2] ás P. Ó Néill

      'Saoirse' (Gael Linn, 1961)
      Stiúrthóir: George Morrison, Ceol: Seán Ó Riada,
      Tráchtaireacht: Seán Mac Réamoinn

      'Dhá Chluas Capaill'




      Seisiún ceoil le:
      Muintir Uí Chatháin + Muintir Uí Bhaoighealláin
      Ceoltóirí traidisiúnta den chéad scoth as Contae Chill Dara.



      Dé Luain 11ú Márta

      6.00-9.00in Ionad: Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
      Sráid Chathal Brugha, BÁC 1.
      'Blas ar an mbeagán!'- Ceardlann Cócaireachta
      le Máirtín Mac Con Iomaire

      Foghlaim conas béile a réiteach agus a bhlaiseadh!

      Bhain an lucht féachana a bhí ag an ócáid seo anuraidh an-taitneamh ar fad aisti. Níl rud ar bith níos deise ná a bheith ag faire ar dhuine éigin eile ag réiteach béile duit, go hairid nuair is cócaire den chéad scoth é. Tar díreach ó do chuid oibre chuige seo agus beidh dinnéar breá agus bolgam fíona agat sula dtéann tú abhaile!

      Tuilleadh eolais: 01 475 7401/7402
      seachtain@...



      9.30in Ionad: Club Chonradh na Gaeilge
      6 Sráid Fhearchair, BÁC 2.
      'Ní túisce deoch ná ceol!'
      Seisiún de cheol traidisiúnta le scoth na gceoltóirí.



      Geamaireacht na Féile Pádraig

      A Phádraig, a chara, cad é mar atá tú!’ le Deirdre Nic Con Uisce
      á léiriú ag Compántas Amharclainne Aisling Ghéar

      Ionad: Amharclann Thamhlachta, Greenhills Road, Baile Átha Cliath 24. (Páirceáil taobh leis an Cuckoo’s Nest)

      11/3/2002 - 15/3/2002 - ag 10.00rn agus 12.00ml
      16/3/2002 - ag 12.00ml agus 2.00in

      Áirithintí: 048 90 208040

      Foireann: Caomhán Ó Murchú (Jason Ros na Rún), Deirdre Nic Con Uisce Seán Mac Seáin, Faoileán Andrews



      Dé Máirt 12 Márta

      6.00in Ionad: Halla an Chontae
      Dún Laoghaire, Co. Átha Cliath
      Taispeántas Ealaíne an Oireachtais

      Ealaín den chéad scoth a thabharfas faoiseamh agus sásamh don dá shúil tuirseacha sin atá i do chloigeann. Nach bhfuil sé in am duit bronntanas beag deas a thabhairt dóibh!

      Beidh an taispeántas oscailte don phobal gach lá 10.00rn-5.00in go dtí 22 Márta 2002



      7.30-9.30in Ionad: Óstán Russell Court
      Sráid Fhearchair, BÁC 2.
      'Is fearr an tsláinte ná na táinte!' -Ceardlann i dTeiripí Iomlánacha Leighis
      le Máirín Ní Churraoin
      Réicí, Reifleicseolaíocht, Criostail, Leigheas Aingle srl.

      Tá spéis á léiriú ag daoine i dteiripí iomlánacha leighis le blianta beaga anuas agus tá an spéis seo ag éirí níos forleithne is cosúil. Beidh Máirín Ní Churraoin ag cur cuid dena teiripí seo inár láthair ag míniú an bunús atá leo agus an chaoi a n-oibríonn siad. Seans maith é seo le blaiseadh a fháil ar bhealaí éagsúla le haire a thabhairt do do shláinte.

      Beidh fáilte romhat teacht ar an oíche ar ndóigh ach chabhródh sé go mór linn dá gcuirfeá d'áit in áirithe roimh ré. Chun é sin a dhéanamh glaoigh ar 01 475 7401/7402 nó seachtain@...


      billeog



      10.00in Ionad: Óstán an Russell Court
      Sráid Fhearchair, BÁC 2.
      Éigse Fhilíochta agus Cheoil
      Urraithe ag Éigse Éireann
      Louis de Paor agus John Spillane
      + Ceol go maidin i ndiaidh na hÉigse
      (Beár go 2.30rn)

      An Snag Breac
      Snagcheol den chéad scoth.

      Más maith leat Cathal Páircéir (Charlie Parker), Iarla Ó hEidhin (Earl Hynes), Mearbhall Mac Giolla Easpaig (Dizzy Gillespie) agus Labhrás an Láimh Láidir (Louis Armstrong) …uh!…seo'd í an áit ar cheart duit a bheith!
      Euro 8/Euro 5


      ticéad Seamróige



      Dé Ceadaoin 13ú Marta

      9.00pm - 2.30am
      BREAK FOR THE BORDER
      (Lower Stephen’s Street, Dublin 2)
      Bréag (Reggae) + Máimín Cajun Band + World Music Disco

      Seachtain na Gaeilge ag briseadh thar teorainn amach ag cur bannaí ceoil na Gaeilge i lár an aonaigh!

      Oíche go maidin le Cajun,Tex-Mex, Reggae + Dioscó de Cheol Domhanda!
      Ticéid: Euro 10/Euro 7
      (01) 475 7401/2 (nó ag an doras/or at the door)
      Tabharfaimis cic don asal!

      Bréag - ‘Le gach Jah-Mhéin!’
      Banna ceoil Reggae iad Bréag as Béal Feirste a bhfuil clú agus cáil bainte amach acu ar fud na tíre. Cumann siad a gcuid amhrán féin i stíl Reggae na Gaeilge! Bhí ceolchoirm iontach acu cúpla bliain ó shin ag Pléaráca Chonamara nuair a sheinn siad ar feadh na hoíche ar ardán amuigh faoin aer. ‘Cult-bhanna’ den scoth iad agus tá go leor dá gcuid lucht leanúna anseo i mBaile Átha Cliath ar bís len iad a chloisteáil. Mar sin, ná caill an deis seo le bheith ag damhsa leo go Jahnach san oíche!

      Máimín Cajun Band - ‘Cajun mar atá tú?’
      Tháinig na Máimíní le chéile i 1989 ach is fíor-annamh ar fad iad ag seinm beo i mBaile Átha Cliath. Nuair a thosaíonn siad ag seinm ní féidir fanacht i do shuí. Banna eile a chuir spleodar breise i bPléaráca Chonamara tá cúpla bliain ó shin. Agus arís is fíor a rá go bhfuil lucht leanúna mór dá gcuid féin cruthaithe acu. Bhain siad clú agus cáil amach ar fud na tíre leis an amhrán a chum Seán Monaghan, ‘An Dreoilín’.
      Seán Monaghan

      Scaoiligí amach é: "ÓÓÓÓÓ íííííííííí óóóóóó!!!!!!!!!!!!!!!!!!"


      Dioscó de Cheol Domhanda - ‘Ag briseadh thar teorainn amach!’
      Nuair a chríochnaíonn an ceol beo leanfaidh an oíche ar aghaidh le dioscó de cheol domhanda den chéad scoth. An bhfuil dóthain fuinnimh agat meas tú, don oíche seo?



      Déardaoin 14ú Márta

      8.00in Ionad: Theatre Space @ The Mint
      6 Plás Anraoi, Baile Átha Cliath 1.
      Léiriú breise speisialta ag Taibhdhearc na Gaillimhe de dhá dhráma:
      An Lasair Choille’ le Caitlín Maude & Michael Hartnett
      Amuigh Liom Féin’ le Dara Ó Conaola
      Euro 13/Euro 10
      (Bolgam fíona ar fáil agus ceol beo á sheinm i rith an bhriseadh. Cead isteach chuig an gclub Gaeilge Sult ag custaiméirí na hamharclainne ar phraghas speisialrta Euro 3 i ndiaidh an léirithe.)
      "Léiriú fuinniúil greannmhar lán de shamhlaíocht"

      - (Foinse 27 Eanáir 2002)


      An Lasair Choille’ le Caitlín Maude & Michael Hartnett

      Amuigh Liom Féin’ le Dara Ó Conaola

      á léiriú ag Taibhdhearc na Gaillimhe

      Ionad: THEatre SPACE @ The Mint, 6 Plás Anraoi, Baile Átha Cliath 1.

      4/3/2002 - 8/3/2002 - ag 12.00in agus 2.00in

      11/3/2002 - 15/3/2002 - ag 12.00in agus 2.00in (do ghrúpaí scoile)

      le léiriú breise speisialta ar: Déardaoin 14/3/2002 ag 8.00in

      Tuilleadh eolais: Siobhán, Theatre Space @ The Mint (01) 872 9977

      Stiúrthóir: Marc Mac Lochlainn

      Foireann: Darach Ó Dubháin (Ros na Rún), Máire Aine Ní Chuaig (RnaG), Peadar Ó Treasaigh (Ros na Rún) agus Brian Ó Carra, Corr na Móna.



      8.30in Ionad: Club Chonradh na Gaeilge
      6 Sráid Fhearchair, BÁC 2
      Melanie O’Reilly
      (I gcomhar le Craobh Bhréanainn, An Chúlóg)
      'Aisling Ghéar' le Melanie O’Reilly agus Seán Ó Nualláin
      - Seoladh de dhlúthdhiosca nua

      Ceolchoirm ina dhiaidh le:
      Melanie O’Reilly, amhránaí snagcheoil, Seán Ó Nualláin (giotár) agus Brian Dunning (feadóg mhór agus bodhrán)

      Melanie O’Reilly
      Amhránaí agus cumadóir í a sholáthraíonn cumasc sainiúil, spreagúil de shnagcheol, de cheol traidisiúnta na hÉireann agus de rithimí ceoil domhanda ina saothar. Is minic í ag saothrú freisin leis an mhórfhile Nuala Ní Dhomhnaill.
      Cloistear cuid den chomhoibriú seo ar a céad dhlúthdhiosca “Tír na Mara”. Rachairt mhór freisin ar an dara dlúthdhiosca ó Mhelanie “House of the Dolphins” agus cáil idirnáisiúnta bainte amach aici ag gigeanna sa nGearmáin, san Ollainn, san Iorua, i Sasana, in Albain, sa bhFrainc, sa mBriotáin agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá.


      9.00in Ionad: Castle Inn in aice le hArdeaglais Chríost
      SULT: An club oíche is spéisiúla sa chathair!

      Laghdú speisialta




      Dé hAoine 15ú Márta

      2.30in Ionad: An Leabharlann, Scoil Chnoc an Teampaill
      Bóthar Mhullach Íde, BÁC 3.
      (Mount Temple Comprehensive School, Malahide Road.)
      Cúlchaint agus Ceol sa Chúlóg’ - Maidhc Dainín Ó Sé (I gcomhar le Craobh Bhréanainn, An Chúlóg)



      9.00in Ionad: Club Chonradh na Gaeilge
      6 Sráid Fhearchair, BÁC 2.
      An Snag Breac’ - Snagcheol

      An Snag Breac
      Snagcheol den chéad scoth.
      Más maith leat Cathal Páircéir (Charlie Parker), Iarla Ó hEidhin (Earl Hynes), Mearbhall Mac Giolla Easpaig (Dizzy Gillespie) agus Labhrás an Láimh Láidir (Louis Armstrong) …uh!…seo’d í an áit ar cheart duit a bheith!

      Clairinéad agus Trumpa Gallda: Ciarán Wilde
      Trombón: Muiris Ó Meara
      Trumpa: Davy Martin
      Giotár: Des Bradley
      Dord: Kevin Creegan
      Drumaí: Mick Ward



      9.30in Ionad: Tommy Mayes (thuas staighre), Sráid Dorset, BÁC 1.
      Góilín’ - Éilís Ní Chinnéide
      Bíonn an club amhránaíochta seo ar siúl gach Aoine ó Mheán Fómhair go Iúil. Seisiún oscailte amhránaíochta é dóibh siúd a bhfuil spéis acu sna hamhráin dhúchasacha idir Bhéarla agus Ghaeilge. Cuirtear fáilte roimh gach éinne agus tugtar cluas éisteachta nach bhfuil a sárú le fáil in áit ar bith do gach uile amhránaí. Bíonn aoí speisialta ann go rialta agus le linn Seachtain na Gaeilge is í Éilís Ní Chinnéide as Corca Dhuibhne a bheas ann.

      Seisiún Amhránaíochta Dhátheangach/Bilingual Traditional Singing Session



      Dé Sathairn 16.03.2002

      2.00in Ionad: Sráid Ghrafton
      Baile Átha Cliath 2
      Spraoi Sráide
      Spraoi agus spórt don uile dhuine leis an bhfear grinn ‘Níl a fhios agam’ agus a chairde. Beidh an-spórt ag p[AOF3] áistí anseo idir pháistí móra agus pháistí beaga!



      3.00in Ionad: Musaem Iompair
      Binn Éadair
      Turas treoraithe
      I gcomhar le hIonad Buail Isteach na Gaeilge
      Tuilleadh eolais: 01 475 7401/7402
      seachtain@...



      4.00in Ionad: Caifé trí *D,
      Sráid Dásain, BÁC 2
      Ceol claisiceach
      An Ceathairéad Ceolmhar
      Urraithe ag Gael Linn



      7.00-9.00in Ionad: Club Chonradh na Gaeilge
      6 Sráid Fhearchair, BÁC 2.
      Ag casadh sa gcoirnéal’ - Ceardlann amhránaíochta
      I gcomhar le Sean-Nós Cois Life
      Ar mhaith leat amhrán nó dhó a fhoghlaim? Seo do sheans!
      Tuilleadh eolais: 01 475 7401/7402
      seachtain@...



      9.30in Ionad: Club Chonradh na Gaeilge
      6 Sráid Fhearchair, BÁC 2.
      Seisiún amhránaíochta, ceoil, damhsa agus scléipe!
      I gcomhar le Sean-Nós Cois Life

      Amhránaithe:
      Stiofáinín ‘Staif’ Ó Cualáin (Leitir Mealláin)
      Brian Ó Domhnaill (Anagaire)
      Éilís Ní Chinnéide (Corca Dhuibhne)
      agus aíonna speisialta eile!!!!
      Fear an tí:
      Antaine Ó Faracháin

      Stiofáinín ‘Staif’ Ó Cualáin


      Stiofáinín ‘Staif’ Ó Cualáin (Leitir Mealláin)
      Bhí an-tóir ar fad ar amhránaíocht Stiofáinín ag Oireachtas na Gaeilge i gCaisleán an Bharraigh agus ghnóthaigh sé an dara háit i gComórtas na bhFear ag an Oireachtas sa Daingean anuraidh. Ní hamháin go bhfuil stíl bhreá chroíúil amhránaíochta aige ach casann sé corr-thiún ar an orgán béil freisin!

      Brian Ó Domhnaill (Anagaire)
      Duine den ghlúin óg amhránaithe atá ag teacht aníos é Brian. Tá glór glan, láidir, croíúil aige agus stíl bhreá dhíreach a fhaigheann greim láithreach ar an amhrán agus ar an éisteoir. Ball de choiste eagraithe Shean-Nós Cois Life casann sé an fheadóg mhór fosta.

      Éilís Ní Chinnéide (Corca Dhuibhne)
      Glór álainn binn, stíl mhacánta agus rogha maith amhrán sin cuid dena tréithe a bhaineann leis an amhránaí seo nach gcloistear sách minic. Ceoltóir freisin í ar an bhfeadóg. Tá dlúthdhiosca nua eisithe aici le déanaí dar teideal ‘Time to Sail’. B’fhiú duit é a cheannach ach b’fhearr fós duit í a chloisteáil beo!



      Lá'l Fhéile pádraig

      Bí ag faire amach do bhratacha Sheachtain na Gaeilge ar bhruacha na Life!

      Urraithe ag Foras na Gaeilge.



      12.00ml Ionad: Óstán Russell Court, Sráid Fhearchair, BÁC 2.
      Lá na dTeaghlach i gcomhar le Comhluadar

      Cosa tuirseach tar éis a bheith ag breathnú ar an bparáid?…Fuar?…Páistí ag caoineadh?…Tart agus ocras ar gach éinne?

      Spraoi agus gníomhaíochtaí éagsúla, eagraithe go speisialta do na páistí agus cúpla aoí speisialta ag buaileadh isteach!
      Úúúú…Ní féidir liom fanacht!

      Beidh mionbhia agus deochanna ar fáil ar chostas beag.
      Páistí le tuistí go dtí 6.00in



      9.00in Ionad: Club Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, BÁC 2
      Bronnadh Ghradam Sheachtain na Gaeilge

      Aitheantas do dhuine ar leith a bhfuil saol agus saothar déanta aige/aici ar son na Gaeilge.



      9.30in ‘Seisiún na Seamróige’ - Ceol traidisiúnta

      Urraithe ag an Oireachtas

      Ceoltóirí:
      Páidí Ó Conchúir (Cill Airne) - Bosca
      Aoife Ní Chaoimh (Trá Lí) - Fidil
      agus aíonna speisialta eile!

      Páidí Ó Conchúir (Bosca)
      Ceoltóir den chéad scoth é Páidí agus stíl bhoscadóireacht Shliabh Luachra go paiteanta aige. Is breá leis a bheith ag seinm in éineacht le ceoltóirí ar nós Johnny O’Leary agus Denis Mac Mahon, ceoltóirí a raibh an-tionchar acu ar an stíl bhreá bhríomhar atá aige.

      Aoife Ní Chaoimh (Fidil)
      Duine de chlann cheolmhar Uí Chaoimh as Trá Lí í Aoife. Is minic a sheinneann sí in éineacht le Páidí agus dá bharr sin tá tuiscint speisialta acu ar cheol a chéile. Beir leat do bhróga damhsa mar nuair a thosaíonn an bheirt seo ag seinm ní bheidh tú in ann fanacht i do shuí!





      Gach eolas faoin tSeachtain i mBÁC ar fáil ag:

      Conradh na Gaeilge,
      (01) 4757401/2.


      TEANGA BHEO
      Live the language!




      nascanna eile Seachtain na Gaeilge


      bun leathanach - Seachtain na Gaeilge


      Seachtain na Gaeilge sa choláiste


      Laghdú speisialta


      Seachtain na Gaeilge
      i Leabharlanna BÁC 2002



      Cuid de Chlár do Sheachtain na Gaeilge
      ar fud na tíre 2002



      Preas-Ráiteas


      Clár do Sheachtain na Gaeilge i nGaillimh


      Tús le himeachtaí Seachtain na Gaeilge 2002


      Preas-ócáíd: Dé Máirt 29 Eanáir


      Litir curtha chuig scoileanna


      TIONSCNAMH na BUNSCOILE & na hIARBHUNSCOILE


      Dán a chumadh

      barr an leathanaigh
      barr
        


      An Baile - Conradh na Gaeilge

      | Ógras | An Siopa Leabhar | Ranganna Gaeilge
      | An tUltach | Feasta | Seachtain na Gaeilge | Ardfheis 2002 | Tionól Gaeltachta '02 | Stair an Chonartha | Leabhar Aíonna | Nascanna


    Your message has been successfully submitted and would be delivered to recipients shortly.