Loading ...
Sorry, an error occurred while loading the content.

Dhá liosta nua: MOZILLA-L agus FORAS-G

Expand Messages
  • Marion Gunn
    PREASRÁITEAS maidir le liostaí eile HEANET Preasráiteas é seo faoi dhá liosta: MOZILLA-L agus FORAS-G, atá tagtha ar an saol, sa tsraith chéanna lena
    Message 1 of 1 , May 31, 2006
    • 0 Attachment
      PREASRÁITEAS maidir le liostaí eile HEANET

      Preasráiteas é seo faoi dhá liosta: MOZILLA-L agus FORAS-G, atá
      tagtha ar an saol, sa tsraith chéanna lena mbaineann GAELIC-
      L@... (agus GAEILGE-A, GAEILGE-B, WELSH-L, GAIDHLIG-A,
      GAIDHLIG-B, GAELG, srl.), faoi choimirce HEANET (.i. suíomh idirlín
      Údarás Ardoideachais na hÉireann).

      MOZILLA-L@... , a bunaíodh mar liosta dúnta,
      príobháideach chun cabhrú le daoine Gaeilge a chur ar phacáistí
      ríomhaireachta (seachas G-L a úsáid chuige sin) á oscailt do ghrúpa
      níos leithne anois. Tá M-L á riaradh ag Brian King agus Marion Gunn.
      Tá ag éirí go hiontach le M-L, mar fhiontar, mar ionad oibre agus mar
      cheardlann bheo ar líne, ina mbíonn daoine, idir aistritheoirí
      gairmiúla agus aistritheoirí deonacha i dtíortha éagsúla agus i
      gcuideachtai éagsúla ag obair i gcomhar chun na sprice sin. Murach
      MOZILLA-L, ní móide go mbeadh FireFox as Gaeilge againn. Chun clárú
      le M-L, is gá go mbeadh baint agat le pacáistí ríomhaireachta a
      chruthú as Gaeilge, a fhorbairt as Gaeilge, nó a thiontú go Gaeilge
      (fiosruithe chuig: mgunn@...brian@...).

      Bunaíodh FORAS-G@... le fíordhéanaí, chun caidreamh
      níos éifeactaí i measc lucht gnó le Gaeilge a chothú agus a chur chun
      cinn ar líne. Feidhmíonn F-G faoi choimirce Fhoras Gnó na hÉireann, a
      bhunaigh Liam Ó hOisín sna 1960í mar ghréasán gairmiúil do lucht gnó
      le Gaeilge agus daoine gairmiúla eile. Maebh Ní Fhallúin, Bainisteoir
      Raidió na Life, agus Marion Gunn, Stiúrthóir Bainistíochta EGTeo atá
      freagrach as FORAS-G a riaradh. Chun clárú le F-G, is gá go mbeadh
      baint fhollasach agat le cúrsaí gnó as Gaeilge (fiosruithe chuig:
      maebh@..., oisinpr@..., nó mgunn@...).

      Dáta eisithe an phreasráitis seo: 2006-05-31

      - -
      Marion Gunn * EGTeo (Estab.1991)
      27 Páirc an Fhéithlinn, Baile an
      Bhóthair, Co. Átha Cliath, Éire.
      * mgunn@... * eamonn@... *



      [Non-text portions of this message have been removed]
    Your message has been successfully submitted and would be delivered to recipients shortly.