Sean-Nós Cois Life 2004
Déardaoin, 15/04/2004
9.30pm
Ionad: Club Chonradh na Gaeilge 6 Sráid Fhearchair, B. Á. C. 2
(6 Harcourt Street D.2.)
Seisiún beag amhránaíochta agus ceoil.
Dé hAoine, 16/04/2004
9.00pm Góilín
Ionad : Tommy Mayes, Sráid Dorset, Baile Átha Cliath 1.
Táille : €2
Seisiún amhránaíochta, scéalaíochta, damhsa agus ceoil i gcomhar le club amhránaíochta an Ghóilín le go leor aíonna speisialta.
(Bilingual singing, story-telling, dance and music session.)
Dé Sathairn, 17/04/2004
Ceardlanna amhránaíochta, fidléireachta
agus damhsaí beirte.
Ionad : Áras Chonradh na Gaeilge 6 Sráid Fhearchair, B. Á. C. 2
(6 Harcourt Street D.2.)
Eolas: (01) 453 8192
seannoscoislife@...
9.30-10.00am Clárú do na ceardlanna.
Táille: €20 Daoine óga: €10
10.00am-12.30pm Ceardlanna amhránaíochta agus fidléireachta.
Ceardlanna Amhránaíochta - Múinteoirí:
Caitríona Ní Cheannabháin (Carna);
Máire Ní Chéilleachair (Cill na Martra);
Ceardlann Fhidléireachta i stíl Thír Chonaill - Múinteoir:
Tara Ní Chonnacháin (Na Gleanntaí) (Níl an rang seo i gcóir tosaitheoirí.)
12.30pm-1.45pm Lón
2.00pm-4.00pm Ceardlanna amhránaíochta agus fidléireachta (ar lean).
Ceardlann Damhsaí Beirte Thír Chonaill - Múinteoirí:
Connie Mac Ceallabhuí (Baile na Finne) + Ann Uí Chonnacháin (Na Gleanntaí)
2.00pm-5.00pm
9.00pm
Ionad : Club na Múinteoirí, 36 Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath 1.
(36 Parnell Square, Dublin 1.)
Táille : €5
Oíche Mhór Amhránaíochta, Ceoil, Scéalaíochta agus Damhsaí Beirte
le go leor aíonna speisialta.
Bronnadh Ghradam Shean-Nós Cois Life
ar Mháire Phíotair Uí Dhroighneáin
Aíonna speisialta a bheidh linn thar an deireadh seachtaine :
Tess Uí Chonghaile (Amhránaí; Camus)
Seán Mac Craith (Amhránaí; Rinn Ua gCuanach)
Mícheál Ua Duinnín (Amhránaí; Cúil Aodha)
Cáit Bab Feiritéar (Scéalaí; Dún Chaoin)
Máire Phíotair Uí Dhroighneáin (Amhránaí; An Spidéal)
Caitríona Ní Cheannabháin (Amhránaí; Carna)
Máire Ní Chéilleachair (Amhránaí; Cill na Martra)
Paul O'Shaughnessy (Fidléir; Baile Átha Cliath)
Tara Ní Chonnacháin (Fidléir; Na Gleanntaí)
Connie Mac Ceallabhuí (Damhsóir; Baile na Finne)
Ann Uí Chonnacháin (Damhsóir; Na Gleanntaí)
agus go leor eile.
Dé Domhnaigh, 18/04/2004
2.00-4.00pm Ceardlanna amhránaíochta, fidléireachta agus damhsaí beirte mar atá thuas.
4.30pm Ionad : Tigh Hughes, Sráid na Seansaireachta, (Chancery St.)
Seisiún amhránaíochta, ceoil, scéalaíochta, agus damhsa ar an sean-nós.
Scléip agus spraoi ! (Bilingual)
(Beidh taifeadadh ar siúl ag Taisce Cheol Dúchais Éireann le linn na féile.)
Tuilleadh eolais:
Antaine Ó Faracháin
(01) 453 8192
seannoscoislife@...
Le cabhair ón gComhairle Ealaíon